Copyright (C) 2016 anmúinteoir. All rights reserved.
Bia 5 anmúinteoir CEACHTANNA DIGITEACHA GAEILGE |
Treoracha maidir leis na leabhair Tá na leabhair leagtha amach ó Leabhar 1 go Leabhar 6. Is féidir leat mar mhúinteoir ranga tosú ar an leabhar is fóirsteanaí/oiriúnaí duit agus don rang. Is áis don mhúinteoir iad na leabhair seo. RÉAMHFHOCAL + AN T-ALT + AINMFHOCAL Sa Chaighdeán oifigiúil (1958) glacadh le dhá ghnás: Gnás Chúige Uladh, mar atá, séimhiú ar chéad chonsain an ainmfhocail i ndiaidh na RÉAMHFHOCAL (ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, ó, roimh, thar) + AN T-ALT + AINMFHOCAL (ag an gheata, ar an bhord, as an mhála, chuig an chófra, den fhuinneog, don mháistir, faoin phota, san fhasach, leis an bhuachaill, ón bhean, roimh an mhadadh, thar an chlaí); Gnás an Deiscirt, mar atá, urú ar chéad chonsain an ainmfhocail i ndiaidh na RÉAMHFHOCAL (ag, ar, as, chuig, faoi, i, le, ó, roimh, thar) + AN T-ALT + AINMFHOCAL, (ag an ngeata, ar an mbord, as an mála, chuig an gcófra, faoin bpota, leis an mbuachaill, ón mbean, roimh an bhfuinneog, thar an gclaí) ach amháin i gcás na RÉAMHFOCAL SEO (de, do, agus i san fhoirm den, don, agus san) áit ar chóir séimhiú a úsáid (don bhean, den fhuinneog, san fhaopach). Tá gnás an Deiscirt níos forleithne i dtéacsleabhair scoile. |
In 2011 rinneadh athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil agus tá torthaí an athbhreithnithe in úsáid ar an bhfoclóir nua Béarla ar líne. Aithníonn an Caighdeán sin úsáidí na gcanúintí maidir le séimhiú agus le hurú. In 2012 d’fhoilsigh Tithe an Oireachtais Caighdeán Oifigiúil a aithníonn úsáidí na gcanúintí maidir le séimhiú agus le hurú freisin. In aon saothar is doiligh freastal ar gach trá (tá níos mó ná dhá thrá ann!) agus sin an fáth a bhfuil na leabhair seo ag díriú ar ghnás an Deiscirt atá luaite thuas. Ní ag iarraidh beag a dhéanamh de ghnás Chúige Uladh atá na leabhair, ach is mian leis an údar go mbeidh múinteoirí na tíre uile in ann úsáid a bhaint as an áis seo. Beidh tagairt anseo agus ansiúd do ghnás Chúige Uladh, agus is gá cloí le gnás amháin ionas nach gcuirfear múinteoirí agus daltaí trína chéile. |
Canúintí Ar leibhéal eile, tá focail agus frásaí in úsáid i gcanúintí éagsúla don smaoineamh céanna, agus is féidir leat, mar mhúinteoir, na focail agus na frásaí ó do chanúint féin a chur isteach in áit na bhfocal agus na bhfrásaí atá sna leabhair seo más mian leat. Tá roinnt samplaí thíos. Bia 5 ar an mbord / ar an bhord ón mbó / ón bhó cén saghas? / cén sórt? / cén cineál? ceapaim / sílim is breá liom / is maith liom |
Fáilte chuig Bia 5 Cliceáil thíos le tosú ar an gceacht. Tosaigh |
Táimid ag dul ag siopadóireacht. Ba mhaith linn bia a cheannach. |
Féach ar na glasraí. Stalla na nglasraí |
Abhacád Biatais Brocailí Cabáiste |
Cóilis Cúcamair Leitís Meacain Bhána |
Cairéid Muisiriúin Oinniúin Piobair |
Piseanna Pónairí Prátaí Raidisí |
Spionáiste Tornapaí Ubhthorthaí |
Stalla na dtorthaí. |
Oráistí Péitseoga Piorraí Plumaí |
Rísíní Sabhdánaigh Dátaí Úlla |
Stalla Éisc |
Bradán Breac Trosc Scadán |
Sliogéisc Diúilicíní |
Iasc olúil Iasc domhainmhara Feirm éisc |
Stalla Feola |
Muiceoil Gríscíní muiceola Ispíní muiceola |
Slisní liamháis Slisní bagúin |
Mairteoil stobhaigh Stéigeacha Mairteoil Rósta |
Mairteoil Mhionaithe Burgair |
Uaineoil Uaineoil rósta Uaineoil mhionaithe Gríscíní uaineola |
Sicíní Turcaithe Brollach sicín Brollach turcaí |
Rogha de cháiseanna na hÉireann Stalla cáise Cáis ghorm Cais chéadaír Cáis dhaite Cáis edam Cáis ghabhair Cáis slisnithe |
Maith Sibh! Tá an ceacht críochnaithe anois. Tá súil againn go raibh sibh ag éisteacht. Tosaígí ar athdhéanamh. |
Athdhéanamh Gníomhaíochtaí |
Athdhéanamh Ceisteanna Meaitseáil Fís & Fuaim Féach & Freagair ? |
? |
? Ceisteanna Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
1 Ainmnigh trí ghlasra ag tosú le p. 2 Ainmnigh trí thoradh ag tosú le p. 3 An maith leat gríscíní muiceola? |
4 An mbíonn eití sicín agat don chúrsa tosaigh nó don phríomhchúrsa? 5 Cé acu is fearr leat, cáis ghabhair nó cáis chéadair? |
Meaitseáil Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Meaitseáil 1. Slisní sicín 2. Uaineoil mhionaithe 3. Iasc domhainmhara 4. Muisiriúin, oinniúin 5. Ispíní muiceola |
Meaitseáil an litir agus an uimhir A. An fharraige B. Ceapaire C. Bricfeasta D. Glasraí úra E. Dinnéar |
Meaitseáil Cliceáil ar an mbosca ceart. |
Ba mhaith liom iasc séasúrach. Tá mé stiúgtha leis an ocras. Tá an teaghlach ag iascaireacht. Ní maith liom iasc ón reoiteoir. Tá anraith tráta deas. |
Tá stalla na dtorthaí lán. Tá a lán glasraí le feiceáil. Ní maith liom glasraí. Ba mhaith liom bradán agus sceallóga. Tá mé stiúgtha leis an ocras. |
Tá mairteoil den scoth le fáil anseo. Tá glasraí uaim. Tá iasc olúil folláin duit. Ba mhaith liom burgair mhairteola. Tá feoil an-mhaith le fáil anseo. |
Ba mhaith liom lasáinne veigeatórach. Is maith leis bheith ag ithe feola. Is veigeatóir mé. Cá bhfuil na slisní turcaí? Taitníonn brollach sicín liom. |
Fís & Fuaim Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Féach ar an scannán agus freagair na ceisteanna. 1. Cá bhfuil an fear? 2. Cén bia atá ar an bpláta? 3. An bhfuil sé leis féin? |
Éist agus Freagair. 1. Cad iad na fuaimeanna a chloiseann tú? |
Féach & Freagair Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Féach ar an bpictiúr. Téigh ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile. |
Ainmnigh Scríobh nó Línigh na rudaí atá ar iarraidh ón gcéad phictiúr. |
Maith Sibh! críochnaithe. Tá an tAthdhéanamh Mas mian libh dul go Gníomhaíochtaí - Bia Acmhainní - Bia - nó cliceáil thíos le dul ar ais chuig Téama - Bia. Téama-Bia nó fill go dtí an leathanach baile . Leathanach Baile |
anmúinteoir |