Copyright (C) 2016 anmúinteoir. All rights reserved.
Aimsir 5 anmúinteoir CEACHTANNA DIGITEACHA GAEILGE |
Treoracha maidir leis na leabhair Tá na leabhair leagtha amach ó Leabhar 1 go Leabhar 6. Is féidir leat mar mhúinteoir ranga tosú ar an leabhar is fóirsteanaí/oiriúnaí duit agus don rang. Is áis don mhúinteoir iad na leabhair seo. RÉAMHFHOCAL + AN T-ALT + AINMFHOCAL Sa Chaighdeán oifigiúil (1958) glacadh le dhá ghnás: Gnás Chúige Uladh, mar atá, séimhiú ar chéad chonsain an ainmfhocail i ndiaidh na RÉAMHFHOCAL (ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, ó, roimh, thar) + AN T-ALT + AINMFHOCAL (ag an gheata, ar an bhord, as an mhála, chuig an chófra, den fhuinneog, don mháistir, faoin phota, san fhasach, leis an bhuachaill, ón bhean, roimh an mhadadh, thar an chlaí); Gnás an Deiscirt, mar atá, urú ar chéad chonsain an ainmfhocail i ndiaidh na RÉAMHFHOCAL (ag, ar as, chuig, faoi, i, le, ó, roimh, thar) + AN T-ALT + AINMFHOCAL, (ag an ngeata, ar an mbord, as an mála, chuig an gcófra, faoin bpota, leis an mbuachaill, ón mbean, roimh an bhfuinneog, thar an gclaí) ach amháin i gcás na RÉAMHFOCAL SEO (de, do, agus i san fhoirm den, don, agus san) áit ar chóir séimhiú a úsáid (don bhean, den fhuinneog, san fhaopach). Tá gnás an Deiscirt níos forleithne i dtéacsleabhair scoile. |
In 2011 rinneadh athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil agus tá torthaí an athbhreithnithe in úsáid ar an bhfoclóir nua Béarla ar líne. Aithníonn an Caighdeán sin úsáidí na gcanúintí maidir le séimhiú agus le hurú. In 2012 d’fhoilsigh Tithe an Oireachtais Caighdeán Oifigiúil a aithníonn úsáidí na gcanúintí maidir le séimhiú agus le hurú freisin. In aon saothar is doiligh freastal ar gach trá (tá níos mó ná dhá thrá ann!) agus sin an fáth a bhfuil na leabhair seo ag díriú ar ghnás an Deiscirt atá luaite thuas. Ní ag iarraidh beag a dhéanamh de ghnás Chúige Uladh atá na leabhair, ach is mian leis an údar go mbeidh múinteoirí na tíre uile in ann úsáid a bhaint as an áis seo. Beidh tagairt anseo agus ansiúd do ghnás Chúige Uladh, agus is gá cloí le gnás amháin ionas nach gcuirfear múinteoirí agus daltaí trína chéile. |
Canúintí Ar leibhéal eile, tá focail agus frásaí in úsáid i gcanúintí éagsúla don smaoineamh céanna, agus is féidir leat, mar mhúinteoir, na focail agus na frásaí ó do chanúint féin a chur isteach in áit na bhfocal agus na bhfrásaí atá sna leabhair seo más mian leat. Tá roinnt samplaí thíos. Aimsir 5 ag cur fearthainne / ag cur báistí ag taitneamh / ag soilsiú lá olc / drochlá scamaill / néalta scáth fearthainne / scáth báistí |
Fáilte chuig Aimsir 5 Cliceáil thíos le tosú ar an gceacht. Tosaigh |
Ag cur báistí. Ag cur fearthainne. Ag stealladh báistí. |
Bhí cith ann ar maidin. Bhí ceathanna ann i rith na hoíche. |
Bhí cith toirní ann aréir. |
Chonaic mé an tintreach agus chuala mé an toirneach. |
Is cuimhin liom an oíche stoirmiúil sin. Bhí locháin uisce ar fud na háite. Tháinig an t-uisce faoin doras. Tháinig sé isteach de sciurd. |
Bhrúigh sé isteach an doras tosaigh agus chuaigh sé amach an doras cúil. Bhí gach rud millte sa teach. |
Lá gránna a bhí ann. Bhí sé ag báisteach go trom i rith an lae. Shéid an ghaoth. Thosaigh an tintreach agus an toirneach. Theip ar an gcumhacht leictreachais. |
Chuala Daidí caora ag méileach. Chuir sé air cóta báistí, buataisí agus hata báistí. Fuair mo Mhamaí an scáth fearthainne agus chuaigh sí amach leis. Rugadh uan beag roimh i bhfad. |
Chuaigh mé féin agus mo chairde amach ag siúl. Thosaigh sé ag cur fearthainne. Ghlacamar foscadh faoi scáth fearthainne mo charad. |
Caitheamh aimsire agus an aimsir. Cuireann an aimsir isteach ar chaitheamh aimsire an duine. |
Cad iad na cineálacha caitheamh aimsire a bhíonn againn nuair a bhíonn an aimsir fliuch? |
Cad iad na cineálacha caitheamh aimsire atá againn nuair a bhíonn an aimsir go breá? |
Cuireann an aimsir isteach ar obair an fheirmeora. |
Seo daoine ag siopadóireacht i mBaile Átha Cliath. Tá na daoine fliuch báite. |
Nuair a bhíonn an aimsir deas i rith an tsamhraidh téann daoine go dtí an trá. Luíonn daoine faoi theas na gréine. |
Culaith snámha Bríste snámha Scáth gréine Spéaclaí gréine Cuireann gach duine uachtar gréine orthu féin. |
Lonraíonn an ghrian. Taitníonn an ghrian. Soilsíonn an ghrian. Séideann an ghaoth. Cloisim tormán toirní. |
Splancann an tintreach. Titeann an fhearthainn. Titeann sneachta agus ansin leánn sé. |
Clocha sneachta móra Sneachta trom Sneachta éadrom Gaoth láidir Toirneach ard Tintreach scanrúil Ceo trom |
Bhíomar amuigh ag siúl. Bhí sé ag cur fearthainne go trom. Chuaigh carr thar bráid. Bhíomar fliuch go craiceann leis an spreachall uisce. |
Cén cineál aimsire a oireann do dhreapadóireacht sléibhe? |
Thuaidh Theas Thiar Thoir |
Aduaidh Aneas Aniar Anoir |
An bhfuil gaoth aniar ann inniu? An bhfuil gaoth anoir ann? |
An bhfuil gaoth aduaidh ann? An bhfuil gaoth aneas ann? |
Cén ghaoth a shéideann nuair a bhíonn an aimsir te? |
Tá an ghaoth aniar ag séideadh. An mbeidh aimsir dheas againn? An bhfuil seans ann go mbeidh aimsir fhliuch ann? |
Tá tú ar an raidió. Tabhair amach réamhaisnéis na haimsire. |
gaofar ag cur fearthainne an ghrian ag soilsiú an sneachta ag titim toirneach agus tintreach aimsir fhuar aimsir bhreá |
Beidh ________i lár an lae. Beidh ________níos moille tráthnóna. Beidh ________i rith an lae. Beidh ________i rith na hoíche. Beidh ________amárach. Beidh ________anocht. Beidh ________oíche amárach. Beidh ________arú amárach. |
Maith sibh! Tá an ceacht críochnaithe anois. Tá súil againn go raibh sibh ag éisteacht. Tosaígí ar athdhéanamh. |
Athdhéanamh Gníomhaíochtaí |
Athdhéanamh Ceisteanna Meaitseáil Fís & Fuaim Féach & Freagair ? |
? |
? Ceisteanna Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
1 An bhfuil an lá gránna inniu? 2 Cén ghaoth a shéideann nuair a bhíonn teas ann? 3 Cen fáth ar chuir Mamaí uachtar gréine ar na páistí? |
4 Cad iad na cineálacha caitheamh aimsire atá againn nuair a bhíonn an aimsir fuar agus fliuch? 5 Bhí stoirm ann aréir. Inis faoin stoirm. |
Meaitseáil Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Meaitseáil 1. Ceathanna 2. Gaoth aduaidh 3. Scamallach 4. Scáthanna 5. Uachtar gréine 6. Lá deas |
Meaitseáil an litir agus an uimhir A. grian ag taitneamh B. daoine ag siúl C. ag báisteach anois agus arís D. lá brothallach E. an spéir dhorcha F. aimsir fhuar |
Meaitseáil Cliceáil ar an mbosca ceart. |
Chuala mé toirneach aréir.... Tá sé ag báisteach. Chuaigh mé ag dreapadóireacht. Bhí mé fliuch báite. Thit mé i mo chodladh arís. |
Bhí sé ag stealladh báistí aréir.... Bhí oíche thirim ann. Bhí tuilte ar fud na háite ar maidin. Bhí na headaí tirim ar an líne. Oíche dheas the a bhí ann. |
Tháinig an t-uisce isteach faoin doras.... Bhí eagla an domhain orm. Bhí an abhainn ag cur thar maoil. Chuaigh mé ar ais go dtí mo leaba. Aimsir dheas the a bhí ann. |
Shéid an ghaoth mo scáth fearthainne ar shiúl.... Bhí an ghrian go hard sa spéir. Rugadh uan beag. Bhí gaoth an-láidir ann. Chuir mé uachtar gréine orm féin. |
Fís & Fuaim Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Féach ar an scannán agus freagair na ceisteanna. 1. An bhfuil an aimsir go breá? 2. Shiúil bean trasna na sráide. Cad a bhí ina lámh aici? |
Éist agus Freagair. 1. Cén saghas lae atá ann? 2. Cad a chloiseann tú? |
Féach & Freagair Gníomhaíochtaí/Athdhéanamh |
Féach ar an bpictiúr. Téigh ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile. |
Ainmnigh Scríobh nó Línigh na rudaí atá ar iarraidh ón gcéad phictiúr. |
Maith sibh! críochnaithe. Tá an t-athdhéanamh Más mian libh dul go Gníomhaíochtaí na hAimsire nó go hAcmhainní na hAimsire - cliceáil thíos le dul ar ais chuig Téama na hAimsire. Téama - Aimsir nó fill go dtí an leathanach baile . Leathanach Baile |
anmúinteoir |